Oifig na nOibreacha Poiblí

Gairdíní Náisiúnta Cuimhneacháin Cogaidh na hÉireann

Tá na gairdíní seo i measc na ngairdíní cuimhneacháin is cáiliúla san Eoraip. Tá siad tiomnaithe do chuimhne 49,400 saighdiúir Éireannach a fuair bás i gcogadh 1914 – 1918. Tá ainmneacha na saighdiúirí ar fad i lámhscríbhinní Harry Clarke, lámhscríbhinní atá maisithe go galánta agus atá le fáil sna seomraí leabhar eibhir sna gairdíní.

Ní hamháin gur áit cuimhneacháin iad na gairdíní seo ach tá siad fíorshuimiúil agus fíorálainn ó thaobh na hailtireachta de. Tá siad ar cheann de cheithre ghairdín sa tír seo a dhear an t-ailtire cáiliúil Sir Edwin Lutyens (1869-1944) (dhear sé Gairdíní Heywood, Reachrainn agus na gairdíní i gCaisleán Bhinn Éadair freisin).

Gairdíní slogtha rósanna, ciumhsóga bláthanna agus mórán crann á gcur – is cinnte go mbainfidh tú taitneamh as do chuairt ar na gairdíní tráth ar bith den bhliain.

Tá conair nua ar fáil anois. Sa chonair seo tugtar le chéile turas siúil lúbtha ar na Gairdíní agus insint de réir dáta ar an gCéad Chogadh Domhanda. Cliceáil anseo chun í a íoslódáil saor in aisce. Tá an chonair ag teacht le hOideachas Sóisialta, Imshaoil agus Eolaíochta (OSIE) na sraithe sinsearaí, ach is féidir le duine ar bith taitneamh a bhaint aisti.

Pleanáil Cuairt

Uaireanta oscailte agus suíomh.

Foghlaim Tuilleadh

Stair na nGairdíní.

Gailearaí

Íomhánna stairiúla agus nua-aimseartha.

Ceadúnais

Iarratas ar cheadúnas le haghaidh imeachta agus grianghrafadóireachta.

Bailiúchán

Buaicphointí an bhailiúcháin bhuain.

Teagmháil

Le do chuid ceisteanna nó moltaí.