Ceadúnais le haghaidh Imeachtaí agus Grianghrafadóireachta
An féidir liom imeacht a reáchtáil i nGairdíní Náisiúnta Cuimhneacháin Cogaidh na hÉireann?
Aithníonn Oifig na nOibreacha Poiblí go gcuireann sé go mór le próifíl phoiblí a cuid suíomhanna stairiúla nuair a reáchtáiltear imeachtaí cuí iontu agus, ó tharla gur príomhchuspóir de chuid na hOifige é sin, glacann sí le hiarratais chun é sin a dhéanamh. Ó tharla go bhfuil Gairdíní Náisiúnta Cuimhneacháin Cogaidh na hÉireann tiomnaithe dóibh siúd a fuair bás sa chogadh, is iomaí imeacht nach meastar a bheith oiriúnach don láthair seo. Ní mór an tábla úsáide a sheiceáil sula gcuireann tú isteach ar chead.
Cé na cáipéisí a theastaíonn le haghaidh imeachta/ grianghrafadóireachta/ scannánaíochta?
Sula gcuireann tú isteach air (tríd an bhfoirm ar líne amháin), cuimhnigh, le do thoil, go gcaithfidh na nithe seo a leanas bheith agat má thugtar cead duit an t-imeacht a reáchtáil ar an láthair seo:
- árachas dliteanais phoiblí ar fiú 6.5 milliún euro in aon iarraidh amháin é agus Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí ainmnithe ar an bpolasaí
- foirm shlánaíochta, a sheolfar chugat nuair a bheidh d’iarratas faighte agus an páipéarachas ar fad in ord is in eagar
- éarlais a aisíocfar leat ach amháin má dhéantar damáiste do na Gairdíní nó má sháraítear na coinníollacha
- Plean Bainistíochta Sábháilteachta ag Imeacht, Plean Bainistíochta Tráchta, Plean Éigeandála, Ráiteas ar Mhodhanna, agus Sceideal Léirithe
- fianaise go ndeachaigh tú i gcomhairle go hiomlán le comhlachtaí reachtúla, le haon ghrúpaí cónaitheoirí agus le forais chóngaracha i bhfad roimh an imeacht, agus fianaise go bhfuil a gcuid riachtanas comhlíonta agat
- fianaise go bhfuil gach taibhiú ceoil comhlíontach ó thaobh IMRO (Irish Music Rights Organisation) de.
Íoslódáil an Plean Bainistíochta Sábháilteachta ag Imeacht.
Cathain ba chóir dom iarratas a chur isteach?
Teastaíonn fógra trí lá oibre ar a laghad le haghaidh grianghrafadóireachta. Teastaíonn fógra ceithre seachtaine ar a laghad le haghaidh imeachtaí beaga agus fógra ocht seachtaine le haghaidh imeachtaí móra. Ní ghlactar le hiarratas déanach ar bith agus ní dhéantar áirithint shealadach ar bith. Tar éis iarratas a chur isteach, is féidir bheith ag súil le freagra i gceann trí lá oibre. Ní féidir iarratas a dhéanamh ach tríd an bhfoirm áirithinte ar líne.
Cén sórt imeachtaí nach gceadaítear i nGairdíní Náisiúnta Cuimhneacháin Cogaidh na hÉireann?
Féach ar an tábla úsáide, le do thoil, chun é sin a sheiceáil.
An féidir liom pósadh sna Gairdíní?
Mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, ní féidir leat pósadh ná searmanas sibhialta a reáchtáil i nGairdíní Náisiúnta Cuimhneacháin Cogaidh na hÉireann. Ach b’fhéidir gur mhaith leat do chuid grianghraf bainise a thógáil ann. Teastaíonn ceadúnas; ní gá ach iarratas a dhéanamh agus fógra trí lá ar a laghad a thabhairt. Ní ghearrtar táille ar bith ort as grianghraif bhainise a thógáil sna Gairdíní.
Tá roinnt suíomhanna stairiúla eile a dtugann OOP aire dóibh ar fáil chun do shearmanas sibhialta a óstáil – cliceáil anseo chun tuilleadh sonraí a fháil.
An gcosnaíonn sé airgead chun imeacht a reáchtáil?
Táillí
Grianghrafadóireacht le haghaidh bainise: saor in aisce.
Grianghrafadóireacht tráchtála: €125 san uair, gan CBL san áireamh.
Carthanacht/turasóireacht etc: €50 san uair, gan CBL san áireamh.
Scannánaíocht: gheobhaidh tú praghas ach é a iarraidh, agus braithfidh sé ar an méid agus ar an láthair.
Imeacht: gheobhaidh tú praghas ach é a iarraidh, agus braithfidh sé ar an méid agus ar an láthair.
Ranganna corpacmhainne agus ranganna eile den sórt sin: €15 san uair in aghaidh an ranga, gan CBL san áireamh, agus ní féidir níos mó ná cúig dhuine dhéag a bheith i rang.
Ní ghlactar ach le híocaíochtaí leictreonacha.
Íoslódáil
Tábla Úsáide
Íoslódáil
Treoirlínte OOP le haghaidh Plean Bainistíochta Sábháilteachta ag Imeacht
Bí i dteagmháil linn le do chuid ceisteanna eile.
Táimid ag súil le cloisteáil uait.