Foghlaim Tuilleadh


Stair Chúlra

D’fhreastail níos mó ná 100 ionadaí ó gach cuid d’Éirinn ar chruinniú a reáchtáladh i mBaile Átha Cliath an 17 Iúil 1919 agus aontaíodh ina dhiaidh gur chóir go mbeadh cuimhneachán buan ann chun gach fear agus bean de chuid na hÉireann a maraíodh sa Chéad Chogadh Domhanda a chomóradh, agus ceapadh Coiste Cuimhneacháin chun airgead a bhailiú chun na críche sin. Moladh roinnt scéimeanna, lármhír chuimhneacháin i gCearnóg Mhuirfean san áireamh, ach, i gcás gach ceann acu, fuarthas amach nach raibh sé praiticiúil nó nach raibh sé ag teacht le hoibleagáidí dlí. Ní raibh aon dul chun cinn á dhéanamh go dtí 1929, nuair a mhol Rialtas na hÉireann go leagfaí amach Páirc Chuimhneacháin ar shuíomh ar bhruach na Life ar a dtugtaí na Móinéir Fhada. Bhí an scéim bunaithe ar choincheap na páirce poiblí, a n-íocfadh an Rialtas aisti, ina mbeadh Gairdín Cuimhneacháin agus Cuimhneachán Cogaidh a n-íocfaí astu ón airgead a bhaileodh an Coiste Cuimhneacháin. Tosaíodh sa bhliain 1931 ar an bpáirc líneach a thógáil, achar thart ar 60 heicteár ó Dhroichead na hInse go dtí Séipéal Iosóid. Thóg sé thart ar dhá bhliain chun an chuid sin den obair a dhéanamh. Leagadh amach na Gairdíní Cuimhneacháin idir 1933 agus 1939. Iarshaighdiúirí de chuid Arm na Breataine a bhí i leath den mheitheal oibre a earcaíodh chuige sin, agus iarshaighdiúirí de chuid Arm Náisiúnta na hÉireann a bhí sa leath eile.

Cárta poist stairiúil ar a dtaispeántar na Gairdíní. OOP.

Íoslódáil

Bróisiúr ina dtugtar treoir faoi na Gairdíní mar aon le léaráidí.

Íoslódáil

Conair shiúil ar na Gairdíní, bunaithe ar an gCéad Chogadh Domhanda.

Sa bhliain 1930, choimisiúnaigh Oifig na nOibreacha Poiblí Sir Edwin Lutyens chun dearadh don ghairdín cuimhneacháin a chur ar fáil.

An Dearthóir Tírdhreacha

Coimisiúnaíodh Sir Edwin Lutyens (1869-1944), an mórailtire agus mórdhearthóir tírdhreacha de chuid na Breataine, chun an dearadh a réiteach. Bhí an-chur amach ag Lutyens ar Éirinn ó tharla go raibh sé ag obair roimhe sin ar Reachrainn, Co. Bhaile Átha Cliath don Tiarna Revelstoke, ag Caisleán Bhinn Éadair do T.J. Gainsford-St Lawrence, agus ag Heywood, Co. Laoise, don Choirnéal agus do Bhean Hutcheson Poë. Is í Oifig na nOibreacha Poiblí a bhainistíonn Heywood anois. Is eiseamláir iad na gairdíní de shiméadracht agus foirmiúlacht chlasaiceach agus aithnítear go forleathan gur rug a choincheap do shuíomh Dhroichead na hInse barr ar na cuimhneacháin chogaidh iomadúla a chruthaigh sé ar fud an domhain. An grá a bhí aige d’ábhar áitiúil agus an mothú a chruthaíonn na codanna éagsúla de na gairdíní, is fianaise iad ar fad ar a shárbhua mar ealaíontóir.


An Fhaiche Lárnach

Sa chuid lárnach tá faiche atá iniata ag balla ard d’aolchloch thirim le piaraí eibhir. I lár báire tá an ‘Chloch Chogaidh’ d’eibhear Éireannach atá ina siombail d’altóir agus a bhfuil seacht dtonna go leith meáchain inti. Tá toisí na cloiche seo díreach mar a chéile le Clocha Cogaidh i gcuimhneacháin ar fud an domhain ar an gCéad Chogadh Domhanda. Tá abhantrach scairdeáin ar dhá thaobh na Cloiche Cogaidh agus tá oibiliscí nó ‘snáthaidí’ ina lár mar shiombail de choinnle. Ar thalamh atá ag éirí, ó dheas den Chloch Chogaidh, ag ceann staighre eibhir atá ina leathchiorcal, tá an Chros Mhór lena géaga ciorraithe. Tá sé seo ar aon líne leis an gcloch chogaidh agus leis an aibhinne lárnach. Ar chóipeáil an bhalla ag an gcros tá na focail seo inscríofa: “I gcuimhne ar na 49,400 Éireannach a fuair bás sa Chogadh Mór, 1914-18” (aistrithe ón mBéarla). Ón taobh theas a bhí an phríomhshlí isteach sna gairdíní le bheith, áit a raibh an droichead thar an líne iarnróid deartha chun colúnraí mionsaothraithe d’eibhear siséalta a iompar, ach níor críochnaíodh é sin riamh.

Ag dhá cheann na faiche tá dhá phéire de Sheomraí Leabhar eibhir, rud a léiríonn ceithre chúige na hÉireann. Tá na Leabhair Chuimhneacháin sna seomraí sin, leabhair ina bhfuil ainmneacha na 49,400 saighdiúir Éireannach a fuair bás sa Chéad Chogadh Domhanda scríofa. Tá léaráidí leis an ealaíontóir cáiliúil Harry Clarke sna leabhair sin. Tá Cros Ginchy i gceann de na seomraí leabhar anois, cros adhmaid a bhfuil dearadh Ceilteach uirthi. Tá sí 13 troithe (4 mhéadar) ar airde agus cuireadh in airde sa bhliain 1917 í mar chuimhneachán ar na 4,354 fhear as 16ú Cathlán na hÉireann a maraíodh sa dá chomhrac ag Guillemont agus ag Ginchy i gcaitheamh Chath an Somme sa bhliain 1916. Cuireadh cros chloiche ina háit níos déanaí. Tugadh an bhunchros ar ais go hÉirinn sa bhliain 1926.

Geoffrey Medcalf MBE, iarbhall den RAF, agus Leas-Uachtarán Léigiún Ríoga na Breataine Éireann, Ian Lyon, iarbhall de 2ú Reisimint Ríoga na dTancanna, Frank Robinson MBE, iar-Gharda Éireannach agus Cathaoirleach ar Léigiún Ríoga na Breataine, agus an Maor-Ghinearál (ar scor) David O’Morchoe, Uachtarán Léigiún na Breataine Éireann, ag leagan leabhair na marbh ar an Leacht Cuimhneacháin ag Gairdíní Náisiúnta Cuimhneacháin Cogaidh na hÉireann, Droichead na hInse, i gcomhair Chuimhneachán Chath an Somme Dé Sathairn an 1 Iúil, 2006. Grianghraf: Alan Betson. The Irish Times.

Gairdín Slogtha na Rósanna

Ar dhá thaobh na faiche glaise lárnaí, trí pheargólaí de cholúin eibhir agus bíomaí darach, tá gairdíní slogtha na rósanna. Tá linnte lilí i lár báire a mheallann na súile agus tá toir iúir timpeall ar na gairdíní. Cé is moite de shiombalachas soiléir an bháis agus an aiséirí mar a léiríonn an ‘altóir’, na ‘coinnle’ agus an chros, chuir Lutyens roimhe gairdín cuimhneacháin síochánta a chruthú, gan aon siombalachas míleata. Maíonn daoine áirithe, áfach, gurbh iad na hairéiní Rómhánacha le haghaidh gliaireachta ab inspioráid do ghairdíní slogtha na rósanna agus go gcuireann na peargólaí, atá clúdaithe le cleimeatas agus visteáiria, áiteanna scíthe do na trodaithe leonta i gcuimhne dúinn. Ar na rósanna a bhí ann ó thús, a ceannaíodh ina n-iolraithe ar chaoga, bhí cineálacha a bhfuil tóir orthu ar nós ‘Shot Silk’, ‘Madame Butterfly’ agus ‘Etoile de Hollande’. Agus na ceapacha bláthanna á n-athnuachan le déanaí, measadh gur chuí an rós cáiliúil ‘Síochána’ a tháirg Meilland na Fraince sa bhliain 1945 a chur san áireamh. Tá sé beartaithe, áfach, go dtiocfaidh na cineálacha a bhí ann ó thús in áit na rósanna atá ann faoi láthair le himeacht aimsire.

Gairdín slogtha na rósanna ag Gairdíní Náisiúnta Cuimhneacháin Cogaidh na hÉireann. Tá rósanna Nathalie Nypels le feiceáil anseo. OOP.

Íoslódáil

Treoir faoi sheandálaíocht na nGairdíní.

An Chros Mhór, le géaga ciorraithe, ar bharr staighre de chéimeanna eibhir. OOP.

An tArdán Thuaidh

Bhí ocht gcrann cuilinn ina seasamh mar ‘ghinearáil’ ar an Ardán Thuaidh ó thús agus iad ag breathnú anuas ar chipí dlútha de chrainn silíní le bláthanna nó ‘saighdiúirí coise’. Is mór an difríocht idir foirmiúlacht na línte de Prunus ‘Ukon’, ‘Hisakura’ agus ’Watereri’ agus neamhfhoirmiúlacht na gcrann páirce thall, crainn a roghnaíodh ar mhaithe le héagsúlacht agus dathanna, ábhar spéise de réir an tséasúir agus foirm éagsúil. Is mór an díol spéise an tionchar ar an tírdhreach atá ag céadrais Atlantacha, feánna corcra, daracha síorghlasa, beitheanna airgid, fionnchoill agus sceacha geala scarlóideacha seasca bliain d’aois ag Droichead na hInse.

Na hAibhinní

Tagann sraith bóithre agus cosán lán de chrainn amach ón teampall i lár báire a bhfuil cruth cruinneacháin air. I mbundearadh Lutyens, bhí gach ceann díobh sin le bheith ag díriú ar ghné ar leith den tírdhreach.

Atreisítear foirmiúlacht na gcosán agus na mbóithre seo le rogha chliste na gcrann, rud a fhágann go bhfuil sraith aibhinní ann atá i gcodarsnacht lena chéile ó thaobh foirme, dathanna agus airde de. Cuireadh líne aonair de theilí geala ar an mBóthar Crú Capaill amuigh. Cuireadh poibleoga órga ar dhá aibhinne ar fiar. Tráth den saol bhí leamháin ghalánta ag maisiú an aibhinne lárnaigh agus an dá aibhinne ghearra a cheanglaíonn gairdíní slogtha na rósanna leis na haibhinní ar fiar. Ar an drochuair, scrios an galar Dúitseach leamhán iad sin sna 1980idí luatha. Tá crainn líomaí tagtha ina n-áit sin anois. Cuireadh mailpeanna Lochlannacha agus geala ar an dá thaobh den aibhinne lárnach atá ar dronuillinn leis an aibhinne íochtair.

Ach tá seasca bliain de stoirmeacha tar éis a lorg a fhágáil ar áilleacht na n-aibhinní seo agus tá an-dochar déanta do na poibleoga órga go mór mór agus do na mailpeanna geala, cé nach bhfuil an damáiste chomh dona céanna sa chás sin. Rinneadh an dá aibhinne de phoibleoga órga a athchur go luath sa bhliain 1998.

Na Scéimeanna Curaíochta

Bhí na scéimeanna curaíochta ríthábhachtach, dar le Lutyens, le go n-éireodh leis an dearadh trí chéile. Chuir coiste gairneoirí mór le rá a chuid moltaí i bhfeidhm. Ina measc bhí Sir Frederick Moore, iarchoimeádaí Gharraithe Náisiúnta na Lus. Bhí leas-stiúrthóir Pháirc an Fhionnuisce, an tUasal A.F. Pearson, ar an gcoiste freisin agus ba eisean an maoirseoir agus Aonad Foraoiseachta Pháirc an Fhionnuisce ag cur crann agus tor. Ba eisean freisin a roghnaigh na ceithre mhíle rós le haghaidh ghairdíní slogtha na rósanna.

A Bhfuil Tarlaithe le Déanaí

De thoradh ar lotnaidí, ar ghalair, ar an aimsir agus ar mheath nádúrtha, chomh maith le heaspa foirne sna 1960idí déanacha, fágadh drochbhail ar na Gairdíní Cuimhneacháin. Chuir Oifig na nOibreacha Poiblí tús le hobair athchóirithe i lár na 1980idí agus tá an obair sin críochnaithe anois. Tháinig an maoiniú ón rialtas agus ón gCoiste Náisiúnta Cuimhneacháin Cogaidh a dhéanann ionadaíocht ar Éirinn idir thuaidh agus theas. An 10 Meán Fómhair 1988, caoga bliain ón uair a leagadh amach i dtosach iad, thiomnaigh ionadaithe thar ceann na gceithre phríomh-Eaglais in Éirinn na Gairdíní agus osclaíodh don phobal iad. Is í Oifig na nOibreacha Poiblí a bhainistíonn Gairdíní Náisiúnta Cuimhneacháin Cogaidh na hÉireann anois, i gcomhar leis an gCoiste Náisiúnta Cuimhneacháin Cogaidh.

Ciumhsóga bláthanna de Allium Gorm agus Lúipín Dearg. OOP.
Léarscáil mhaisithe de na gairdíní le caoinchead ó Paul Francis.

Leabharliosta

  • D’Arcy, Fergus. Remembering the War Dead (2007)
  • Geurst, Jeroen. Cemeteries of the Great War by Sir Edward Lutyens(2013)
  • Gordon Bowe, Nicola. Harry Clarke: the Life and Work (2012)
  • Johnson, Nuala C. Ireland, the Great War, and the Geography of Remembrance (2003)
  • Reynolds, David. The Long Shadow(2013)

Geata na gCoisithe

Teampall

Scríofa ar an leac ar an urlár tá: “We have found safety with all things undying / The winds, and morning, tears of men and mirth / The deep night, and birds singing, and clouds flying / And sleep, and freedom, and the autumnal earth.”

Carrchlós Poiblí

Geata na gCoisithe

An tArdán Thuaidh

Bhí ocht gcrann cuilinn ina seasamh mar ‘ghinearáil’ ar an Ardán Thuaidh ó thús agus iad ag breathnú anuas ar chipí dlútha de chrainn silíní le bláthanna nó ‘saighdiúirí coise’.

Gairdín na Rósanna

Tá linnte lilí i lár ghairdíní slogtha na rósanna a mheallann na súile agus tá toir iúir timpeall ar na gairdíní.

Gairdín na Rósanna

Tá linnte lilí i lár ghairdíní slogtha na rósanna a mheallann na súile agus tá toir iúir timpeall ar na gairdíní.

Seomra Leabhar

Tá na leabhair chuimhneacháin, chomh maith le Cros Ginchy, sna ceithre sheomra leabhar eibhir a sheasann do cheithre chúige na hÉireann.

Seomra Leabhar

Tá na leabhair chuimhneacháin, chomh maith le Cros Ginchy, sna ceithre sheomra leabhar eibhir a sheasann do cheithre chúige na hÉireann.

Seomra Leabhar

Tá na leabhair chuimhneacháin, chomh maith le Cros Ginchy, sna ceithre sheomra leabhar eibhir a sheasann do cheithre chúige na hÉireann.

Seomra Leabhar

Tá na leabhair chuimhneacháin, chomh maith le Cros Ginchy, sna ceithre sheomra leabhar eibhir a sheasann do cheithre chúige na hÉireann.

Scairdeán

Is siombailí le haghaidh coinnle iad na hoibiliscí i lár na scairdeán a bhfuil bonn leathan orthu.

Scairdeán

Is siombailí le haghaidh coinnle iad na hoibiliscí i lár na scairdeán a bhfuil bonn leathan orthu.

An Chloch Chogaidh

An Fhaiche Lárnach

Tá an fhaiche iniata ag balla ard d’aolchloch thirim le piaraí eibhir.

An Chros Mhór

Geata na gCoisithe