Pleanáil Cuairt
Uaireanta Oscailte
Bíonn Gairdíní Náisiúnta Cuimhneacháin Cogaidh na hÉireann ar oscailt an bhliain ar fad, ach amháin Lá Nollag.
Luan – Aoine: 8am – titim na hoíche.
Satharn – Domhnach: 9.30am – titim na hoíche.
Chun an t-am dúnta beacht ar aon lá faoi leith a fháil, téigh i dteagmháil linn le do thoil.
Suíomh
Tá slí isteach go dtí na gairdíní ó Bhóthar Choinn Colbaird agus ó cheann Pháirc an Fhionnuisce den Chuarbhóthar Theas.
Taisteal
Déanann Bus 51, Bus 68 agus Bus 69 ó Ché Aston freastal ar an gceantar. Gheobhaidh tú sceidil atá cothrom le dáta ar shuíomh gréasáin Bhus Átha Cliath. Tá páirceáil ar fáil ó shlí isteach an Chuarbhóthair Theas.
War Memorial Gardens
Turais
Is féidir cuairt a thabhairt ar na seomraí leabhar agus ar na nithe atá ar taispeáint taobh istigh ach dul i dteagmháil linn roimh do chuairt.
Cuairt
Idir uair an chloig amháin agus dhá uair an chloig an meánfhad a mhaireann cuairt ar an reilig.
Cead Isteach
Tá saorchead isteach sna gairdíní.
Grianghraif
Tá cead agat grianghraif a thógáil agus físeáin a dhéanamh; téigh i dteagmháil linn chun cead a fháil grianghrafadóireacht tráchtála a dhéanamh.
Sa Cheantar Freisin
Príosún Chill Mhaighneann
Fad slí: 850m.
Tá sé seo ar cheann de na príosúin gan chónaí is mó san Eoraip agus tá dlúthbhaint aige le cuid de na heachtraí ba laochta agus ba thragóidí de theacht chun cinn na hÉireann mar náisiún nua-aimseartha ó na 1780idí go dtí na 1920idí.
An tOspidéal Ríoga, Cill Mhaighneann
Fad slí: 2km
B’fhiú féachaint ar Acra an Bhulaí go mór mór, reilig a bhfuil stair míle bliain ag baint léi.