Foghlaim Tuilleadh

 

Reilig don Dún

Ceannaíodh an talamh le haghaidh Reilig Chnoc an Arbhair sa bhliain 1802, agus leagadh amach an reilig thart ar thríocha bliain ina dhiaidh sin. Ó thart ar 1840 go dtí 1876, chuirtí baill den Dún Ríoga (Dún Uí Choileáin níos déanaí) sa reilig. Chuirtí saighdiúirí de gach aicme, mar aon lena dteaghlach. Tá drochbhail ar a lán de na clocha cinn sin anois agus tá siad leagtha i gcoinne an bhalla teorann. Tá a fhios againn ó na hinscríbhinní orthu céard iad na tíortha iomadúla inar thug na saighdiúirí seirbhís, na hoird inar thug siad seirbhís agus na boinn a bronnadh orthu, chomh maith le cúinsí a mbáis. Cuireadh éagsúlacht mhór daoine anseo. Tá sé ar taifead go bhfuil saighdiúir ar bronnadh Cros Victoria air – an Saighdiúir Singil Patrick Graham a fuair bás sa bhliain 1875 – curtha i gCnoc an Arbhair, cé nach bhfuil suíomh a uaighe marcáilte. Tá leac uaighe ann ón naoú haois déag agus gan ach an méid seo scríofa uirthi: ‘Little Freddy, aged 2 years’ (‘Freddy beag, 2 bhliain d’aois’).

Chuirtí daoine áitiúla a bhí ag obair sa Dún sa reilig freisin, chomh maith lena dteaghlach. Bhí Reilig Chnoc an Arbhair lán faoi na 1870idí déanacha, agus bunaíodh Reilig Mhíleata Ghráinseach Ghormáin in aice láimhe.

U

Is féidir ainmneacha na ndaoine atá curtha i Reilig Dhún Chnoc an Arbhair a chuardach ar líne anseo (cuir isteach ‘Arbour Hill’ agus sonraigh ‘burials’ faoi ‘Church Records’). Ina theannta sin, is féidir teacht ar liosta d’inscríbhinní inléite ar leaca uaighe in Paul O’Brien, Arbour Hill (2012).

Ceannairí an Éirí Amach a Cuireadh chun Báis

Tharla Éirí Amach 1916 i gcaitheamh sheachtain na Cásca agus éirí amach armtha i gcoinne Riail na Breataine in Éirinn an plean a bhí i gceist. Is iad Bráithreachas Phoblacht na hÉireann a d’eagraigh é agus is as Óglaigh na hÉireann, Cumann na mBan agus Arm Cathartha na hÉireann a tháinig siad siúd a bhí páirteach. Níor éirigh leis an éirí amach agus fuair an Bhreatain an lámh in uachtar go huile is go hiomlán ar fhórsaí na hÉireann. Bhí an méid a rinne údaráis na Breataine mar thoradh ar an éirí amach chomh dian sin, áfach, gur tháinig borradh faoi thacaíocht an phobail do neamhspleáchas na hÉireann.

Cor cinniúnach ab ea cur chun báis ceithre dhuine dhéag de cheannairí an éirí amach. Tar éis dóibh géilleadh, cuireadh ar a dtriail os comhair cúirt airm iad i Richmond Barracks agus daoradh chun báis iadi bPríosún Chill Mhaighneann. I gClós Briste na gCloch ag Cill Mhaighneann, caitheadh gach duine den cheathrar déag i gcaitheamh an chéad dá sheachtain de Bhealtaine 1916. Aistríodh a gcoirp go Cnoc an Arbhair ansin, áit ar cuireadh in olluaigh iad i gclós an phríosúin taobh thiar den reilig mhíleata. Cuireadh isteach aol beo, rud a d’úsáidtí go minic in olluaigheanna d’fhonn an lobhadh a bhrostú agus an boladh a laghdú. Roghnaíodh an áit agus an chaoi ar cuireadh iad le nach mbeadh a lán daoine ag triall ar a n-uaigheanna, ó tharla nach raibh na húdaráis ag iarraidh go mbeadh a gcúis pholaitiúil á cur chun cinn.

Curtha i bplásán 1916 tá

  • Tomás Ó Cléirigh
  • Conn Colbard
  • Seán Heuston
  • Seán Mac Giolla Bhríde
  • Seán Mac Diarmada
  • Seosamh Pluincéid
  • Pádraig Mac Piarais
  • Liam Mac Piarais
  • Séamas Ó Conghaile
  • Tomás Mac Donnchadha
  • Mícheál Ó hAnracháin
  • Éamonn Ó Dálaigh
  • Éamonn Ceannt
  • Mícheál Ó Mealláin

“Nuair a bheidh príosúnach caite, deimhneoidh Oifigeach Leighis go bhfuil sé marbh, agus tabharfar a chorp go hotharcharr láithreach, agus a ainm ar lipéad a bheidh ceangailte lena bhrollach. Nuair a bheidh an t-otharcharr lán, cuirfear go dtí Dún Coinneála Chnoc an Arbhair é. Tiocfaidh sé isteach tríd an ngeata ag Eaglais an Gharastúin. Beidh meitheal ansin a leagfaidh na coirp in aice lena chéile go dlúth san uaigh (atá á tochailt anois), clúdóidh siad go tiubh le haol beo (ordaithe) iad agus tosóidh siad ar an uaigh a líonadh isteach. Duine de na hoifigigh sa mheitheal seo, breacfaidh sé síos an áit a bhfuil gach corp san uaigh agus é ag fáil an ainm ón lipéad. Beidh Sagart i láthair le haghaidh na sochraide.”

– nóta ó Oifigeach de chuid na Breataine, an Briogáidire J. Young, PRO WO 35/6712, luaite in Arbour Hill Cemetery (2012) le Paul O’Brien.

Léigh Tuilleadh

The 1916 Rising: Personalities and Perspectives. Taispeántas ar líne de chuid Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ina bhfuil beathaisnéis gach duine a ainmnítear thuas.

Cuimhne na nDaoine a Fuair Bás a Cheiliúradh

Is sna 1920idí a cruthaíodh an chéad chuimhneachán orthu siúd a cuireadh ag Cnoc an Arbhair in 1916. Bailíodh an t-airgead chun an obair a mhaoiniú in 1924 uathu siúd a bhí lonnaithe i nDún Uí Choileáin. Harry Clarke Studios a bhuaigh an coimisiún agus rinne siad fuinneog gloine daite thriptice don séipéal in aice leis an Dún.

Sa bhliain 1955, cheadaigh an rialtas scéim chun cuimhneachán mór a thógáil ag suíomh Chnoc an Arbhair. Ba é Leas-Ailtire Oifig na nOibreacha Poiblí ag an am, Gerry McNicholl, a chuir an dearadh chun cinn. Cuireadh balla mór scáileáin suas chun an príosún a scaradh óna sheanchlós, plásán 1916 anois. Baineadh na seanbhallaí a bhíodh ag deighilt an spáis idir an reilig agus an clós. Bhí spás nua méadaithe ag díriú ár n-airde ar na huaigheanna anois. Bhí Forógra na Poblachta, i nGaeilge agus i mBéarla, greanta ar an mballa scáileáin. Is é an t-ealaíontóir Michael Biggs (1928-1993) a rinne na litreacha san obair chloiche agus ceithre bliana a chaith sé i mbun oibre orthu. Thug an tUachtarán John F. Kennedy cuairt ar Éirinn sa bhliain 1963 agus leag sé fleasc ag bun an bhalla cuimhneacháin nua.

Ar an gcuid de bhalla an phríosúin atá os comhair chuimhneachán 1916 tá leac a chomóireann an dá fhear is seasca a maraíodh i gcaitheamh Éirí Amach na Cásca. Cuireadh suas an leac sa bhliain 1966, cothrom caoga bliain an éirí amach, agus ba é an tUachtarán Éamon de Valera, a bhí ina Cheannasaí san Éirí Amach, a nocht í. Tá ainmneacha na bhfear greanta sa chloch i nGaeilge agus is éard atá ar an inscríbhinn ag an mbarr: “Laochra, mar aon leis na ceithre chinnire dhéag atá curtha sa láthair seo, a thug a n-anam ar son na hÉireann i 1916”.

Foirgnimh Mórthimpeall

Ba é Jacob Owens a dhear Eaglais an Gharastúin ag Cnoc an Arbhair sna 1830idí agus bhí sé bunaithe ar an Séipéal Albanach Náisiúnta ar Shráid Bow i Londain (ní ann dó anois) a dhear Robert Wallace. Rinne Joshua Jebb tuilleadh oibre ar an bhfoirgneamh sna 1840idí. Bhaineadh príosúnaigh úsáid as chun freastal ar sheirbhísí reiligiúnacha Protastúnacha. Sa bhliain 1897, tógadh séipéal beag in aice le hEaglais an Gharastúin le haghaidh saighdiúirí agus príosúnaigh Chaitliceacha. Nuair a baineadh neamhspleáchas amach, tugadh Dún Uí Choileáin ar an Dún Ríoga. Coisriceadh an eaglais sa bhliain 1927 agus tugadh Eaglais an Chroí Rónaofa mar ainm nua air. Tá an eaglais in úsáid sa lá atá inniu ann mar Eaglais Óglaigh na hÉireann.

Aistríodh Dún Uí Choileáin go hArd-Mhúsaem na hÉireann sa bhliain 1997 agus níl sé ina lárionad ag arm na hÉireann ó shin. Bhí pleananna déanta le haghaidh an aistrithe sin ón mbliain 1988. Rinne Oifig na nOibreacha Poiblí athchóiriú ar Chearnóg Uí Chléirigh, agus cuireadh nithe iarsmalainne ó réimsí na healaíne agus na tionsclaíochta ar taispeáint. Tá obair ar siúl faoi láthair ar an tseanchuid den dún, ina raibh stáblaí agus tailte druileála chomh maith le scoil marcaíochta, le go mbeidh sí oiriúnach lena húsáid mar ghailearaithe taispeántais.

An teach ina mbíodh cónaí ar Mháistir na scoile in aice láimhe, is é sin anois ceanncheathrú Chumann na hÉireann d’Iarshaighdiúirí na Náisiún Aontaithe. Bunaíodh an cumann sin sa bhliain 1990 agus cuireann sé tacaíocht ar fáil dá chuid ball chomh maith le tuiscint ar ról na hÉireann in oibríochtaí na Náisiún Aontaithe a chur chun cinn. Ar thalamh Chnoc an Arbhair tá crann céadrais a chuir Ambasadóir na Liobáine, a Oirirceas an tUasal Jihad Mortada, sa bhliain 2003. Is cuimhneachán é an crann sin orthu siúd ar fad in Óglaigh na hÉireann a fuair bás sa Liobáin.

Leabharliosta

  • D’Arcy, Fergus. Remembering the War Dead (2007)
  • Friel, Maeve. Here Lies: A Guide to Irish Graves (1997)
  • McCarthy, Mark. Ireland’s 1916 Rising (2012)
  • O’Brien, Paul. Arbour Hill Cemetery (2012)
  • Ryan, Annie. Witnesses: Inside the Easter Rising (2005)
  • Townshend, Charles. Easter 1916: The Irish Rebellion (2006)

Balla an Fhorógra i gCuimhne ar 1916

Ar shuíomh an tSeanchlóis Príosúin tá an balla scáileáin mór ar a bhfuil an Forógra inscríofa i nGaeilge agus i mBéarla.

Leac 1966

Ba é an tUachtarán Éamon de Valera a leag an leac seo cothrom caoga bliain an Éirí Amach. Liostaítear uirthi ainmneacha beirt fhear is seasca a fuair bás san Éirí Amach.

Príosún

Is príosún dúnta meánslándála d’fhir é Príosún Chnoc an Arbhair sa lá atá inniu ann.

Eaglais

Tógadh an eaglais seo idir 1830 agus 1840. Is í Eaglais Óglaigh na hÉireann anois í.

Clocha Cinn i gcoinne an Bhalla

Tá a lán clocha cinn ón naoú haois déag, a bhfuil drochbhail orthu, leagtha i gcoinne an bhalla teorann seo.

Suíomh na Seanscoile

Cuireadh dhá scoil, a bheadh ag freastal ar pháistí na saighdiúirí agus na n-oibrithe sa dún in aice láimhe, san áireamh i bpleananna tógála na 1830idí.

An tSeanreilig Mhíleata

Ó na 1830idí go dtí na 1870idí, ba sa reilig seo a chuirtí saighdiúirí, oibrithe agus a dteaghlaigh ón Dún Ríoga in aice láimhe.

Clocha Cinn i gcoinne an Bhalla

Tá a lán clocha cinn ón naoú haois déag, a bhfuil drochbhail orthu, leagtha i gcoinne an bhalla teorann seo.

Teach an Mháistir Scoile/Cumann na hÉireann d'Iarshaighdiúirí na Náisiún Aontaithe

Seanteach an mháistir scoile, ina raibh feighlí na reilige ina chónaí i ndiaidh neamhspleáchais, is é sin anois ceanncheathrú Chumann na hÉireann d’Iarshaighdiúirí na Náisiún Aontaithe.

Gairdín Cuimhneacháin na Náisiún Aontaithe

Os comhair cheanncheathrú Chumann na hÉireann d’Iarshaighdiúirí na Náisiún Aontaithe tá a ngairdín cuimhneacháin.