Pleanáil Cuairt
Uaireanta Oscailte
Bíonn Reilig Mhíleata Ghráinseach Ghormáin ar oscailt an bhliain ar fad, seacht lá na seachtaine, ó 10am go dtí 4pm.
Suíomh
Tá an reilig gar don taobh thoir de Pháirc an Fhionnuisce, gar do Bhaile Átha Cliath 7, ar Ascaill an Chiardhuibh.
Taisteal
Is é bus uimhir 37 a dhéanann freastal ar an gceantar. Gheobhaidh tú sceidil atá cothrom le dáta ar shuíomh gréasáin Bhus Átha Cliath.
Grangegorman Military Cemetery
Turais
Bíonn turas na reilige ar fáil saor in aisce gach Déardaoin ag 11 a.m. ó Mhárta go Samhain. Tagann an grúpa le chéile taobh istigh den gheata, agus moltar bróga oiriúnacha a chaitheamh.
Má theastaíonn rochtain speisialta uait, téigh i dteagmháil linn, le do thoil.
Cuairt
30 nóiméad an meánfhad a mhaireann cuairt ar an reilig.
Cead Isteach
Tá saorchead isteach sa reilig.
Grianghraif
Tá cead agat grianghraif a thógáil agus físeáin a dhéanamh; téigh i dteagmháil linn chun cead a fháil grianghrafadóireacht tráchtála a dhéanamh.
Sa Cheantar Freisin
Ard-Mhúsaem na hÉireann, Dún Uí Choileáin
Fad slí: 2.1km.
Tá baint ag an taispeántas ‘Saighdiúirí agus Taoisigh’ le Reilig Ghráinseach Ghormáin.
An tOspidéal Ríoga, Cill Mhaighneann
Fad slí: 3km.
B’fhiú féachaint ar Acra an Bhulaí go mór mór, reilig a bhfuil stair míle bliain ag baint léi.