Pleanáil Cuairt

Uaireanta Oscailte

Bíonn Cnoc an Arbhair ar oscailt an bhliain ar fad.

Luan – Aoine: 8am – 4pm
Satharn: 11am – 4pm
Domhnach: 9.30am – 4pm

Suíomh

Is féidir teacht ar Reilig Chnoc an Arbhair ó Chnoc an Arbhair, sráid atá comhthreomhar le Cé Wolfe Tone. Tá an suíomh beacht le feiceáil sa léarscáil.

Taisteal

Déanann Bus 37, Bus 38 agus Bus 39 freastal ar an gceantar. Gheobhaidh tú sceidil atá cothrom le dáta ar shuíomh gréasáin Bhus Átha Cliath. Téann líne dhearg na dtramanna Luas tríd an gceantar freisin; tuirling ag an stad Ard-Mhúsaem.

Reilig Chnoc an Arbhair

Reilig Chnoc an Arbhair

Tarraing an fhíor bhuí go dtí an pionna dearg chun féachaint ar an suíomh ag leibhéal radhairc sráide.

Turais

Tá turas ar Reilig Chnoc an Arbhair ar fáil ach é a iarraidh. R-phost farmleightours@gmail.com.
Turais ar an reilig gach Domhnach ag 2 pm ón Domhnach, 6 Márta go dtí an Domhnach, 30 Deireadh Fómhair, agus an dá lá sin san áireamh.

Cuairt

30 nóiméad an meánfhad a mhaireann cuairt ar Reilig Chnoc an Arbhair.

Cead Isteach

Tá saorchead isteach sa reilig.

Grianghraif

Tá cead agat grianghraif a thógáil agus físeáin a dhéanamh; téigh i dteagmháil linn chun cead a fháil grianghrafadóireacht tráchtála a dhéanamh.

Íoslódáil

Cód Iompair d’Úinéirí Madra

Sa Cheantar Freisin

Páirc an Fhionnuisce

Fad slí: 1km.

Ceann de na páirceanna cathrach daingne is mó san Eoraip.

Ard-Mhúsaem na hÉireann, na hEalaíona Maisiúla agus Stair, Dún Uí Choileáin

Fad slí: 350m.

Tá baint ag an taispeántas ‘Saighdiúirí agus Taoisigh’ le Reilig Chnoc an Arbhair.

An tOspidéal Ríoga, Cill Mhaighneann

Fad slí: 1.5km.

B’fhiú féachaint ar Acra an Bhulaí go mór mór, reilig a bhfuil stair míle bliain ag baint léi.

Áras an Uachtaráin

Fad slí: 3km.

An áit ina bhfuil Uachtarán na hÉireann ina chónaí sa lá atá inniu ann, tá stair trí chéad bliain ag baint leis.