Pleanáil Cuairt

Uaireanta Oscailte

Bíonn Reilig Mhíleata Ghráinseach Ghormáin ar oscailt an bhliain ar fad, seacht lá na seachtaine, ó 10am go dtí 4pm.

Suíomh

Tá an reilig gar don taobh thoir de Pháirc an Fhionnuisce, gar do Bhaile Átha Cliath 7, ar Ascaill an Chiardhuibh.

Taisteal

Is é bus uimhir 37 a dhéanann freastal ar an gceantar. Gheobhaidh tú sceidil atá cothrom le dáta ar shuíomh gréasáin Bhus Átha Cliath.

Grangegorman Military Cemetery

Tarraing an fhíor bhuí go dtí an pionna dearg chun féachaint ar an suíomh ag leibhéal radhairc sráide.

Turais

Bíonn turas na reilige ar fáil saor in aisce gach Déardaoin ag 11 a.m. ó Mhárta go Samhain. Tagann an grúpa le chéile taobh istigh den gheata, agus moltar bróga oiriúnacha a chaitheamh.

Má theastaíonn rochtain speisialta uait, téigh i dteagmháil linn, le do thoil.

Cuairt

30 nóiméad an meánfhad a mhaireann cuairt ar an reilig.

Cead Isteach

Tá saorchead isteach sa reilig.

Grianghraif

Tá cead agat grianghraif a thógáil agus físeáin a dhéanamh; téigh i dteagmháil linn chun cead a fháil grianghrafadóireacht tráchtála a dhéanamh.

Íoslódáil

Cód Iompair d’Úinéirí Madra

Sa Cheantar Freisin

Ard-Mhúsaem na hÉireann, Dún Uí Choileáin

Fad slí: 2.1km.

Tá baint ag an taispeántas ‘Saighdiúirí agus Taoisigh’ le Reilig Ghráinseach Ghormáin.

Páirc an Fhionnuisce

Fad slí: 200m.

Ceann de na páirceanna cathrach daingne is mó san Eoraip.

An tOspidéal Ríoga, Cill Mhaighneann

Fad slí: 3km.

B’fhiú féachaint ar Acra an Bhulaí go mór mór, reilig a bhfuil stair míle bliain ag baint léi.

Áras an Uachtaráin

Fad slí: 850m.

An áit ina bhfuil Uachtarán na hÉireann ina chónaí sa lá atá inniu ann, tá stair trí chéad bliain ag baint leis.