Foghlaim Tuilleadh


Reilig Victeoiriach

Bunaíodh Reilig Mhíleata Ghráinseach Ghormáin, atá ar Ascaill an Chiardhuibh, sa bhliain 1876 do shaighdiúirí agus d’oibrithe an dúin in aice láimhe, agus dá dteaghlaigh. Beagán níos lú ná sé acra atá inti. Ba don Dún Ríoga (Dún Uí Choileáin anois) amháin i dtosach í; ó thart ar 1892 i leith cuireadh san áireamh Dún Marlborough a bhí nuathógtha (Dún Mhic Aoidh anois).

Tá an chuma chéanna ar an gcuid is mó de na clocha cinn, rud atá ag teacht le nós reiligí míleata na Breataine, agus ní thugtar ach ainm, dáta agus aicme an duine atá curtha. Tá daoine a fuair bás i gcoimhlintí mar Chogadh na Crimé, Éirí Amach na Cásca, Cogadh Saoirse na hÉireann, an Chéad Chogadh Domhanda agus an Dara Cogadh Domhanda curtha i nGráinseach Ghormáin. Ó tharla go n-úsáidtí Dún Marlborough mar áit téarnaimh do thrúpaí an Chomhlathais, is le saighdiúirí óna lán tíortha éagsúla na clocha cinn. Tá an reilig roinnte ina codanna dá bhrí sin ar bhonn tíreolaíochta. Tá níos mó ná 1,100 cloch chinn sa reilig.

Is cuid de Chnuasach Lawrence í an íomhá seo de Dhún Marlborough (Dún Mhic Aoidh anois). Is dócha gur thóg Robert French í thart ar an mbliain 1900. Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.

Fianaise ar Choimhlintí ón bhFichiú hAois

Tá uaigheanna 613 shaighdiúir a bhí páirteach sa Chéad Chogadh Domhanda leagtha amach ina línte beachta. Tá dhá uaigh déag ón Dara Cogadh Domhanda ann freisin. Tá uaigheanna triúr saighdiúirí fágtha gan aithint. Le balla cuimhneacháin d’aolchloch Éireannach, cúig mhéadar déag ar fad agus dhá mhéadar ar airde, comóirtear iad siúd a fuair bás sa Chéad nó sa Dara Cogadh Domhanda agus atá curtha in áit eile. Os comhair an bhalla sin tá trí chloch chinn is ochtó i gcuimhne orthu siúd atá curtha i Reilig Mhíleata Chorcaí. Is é Plásán 222 uaigh an Mhaorsháirsint Martin Doyle as Ros Mhic Thriúin ar bronnadh Cros Victoria air, an onóir mhíleata is airde dá bhfuil ann.

Tá crann coill ón Tuirc sa reilig freisin, crann a chuir ambasadóirí na Tuirce, na hAstráile agus na Nua-Shéalainne sa bhliain 2005 i searmanas inar comóradh cothrom 90 bliain ionradh Gallipoli. Fuair níos mó ná céad duine ó arm na Breataine bás de thoradh ar Éirí Amach na Cásca 1916. Tá thart ar sheachtó díobh sin curtha i nGráinseach Ghormáin. Áirítear orthu sin aon fhear dhéag ó naSherwood Foresters agus seacht bhfear déag ón South Staffordshire Regiment. Cuireadh Éireannaigh a bhí in arm na Breataine, agus a bhí ag troid i gcaitheamh sheachtain na Cásca, i nGráinseach Ghormáin freisin. Is iad na reisimintí Éireannacha a bhfuil ionadaíocht déanta orthu sa reilig ar an gcaoi sin ná Fiúsailéirí Ríoga Bhaile Átha Cliath, Fiúsailéirí Ríoga na Mumhan, agus Fir Raidhfil Ríoga na hÉireann.

An RMS Leinster. Le caoinchead ó Mhúsaem agus Cartlann An Post.

An RMS Leinster

Choimisiúnaigh an City of Dublin Steam Packet Company an RMS Leinster sa bhliain 1895 mar cheann de cheithre long a raibh gach ceann díobh ainmnithe as ceann de chúigí na hÉireann. Thaistealaíodh sí idir Kingstown (Dún Laoghaire anois) agus Holyhead mar bhád poist. Nuair a tháinig méadú ar líon na n-ionsaithe ó fhomhuireáin ar longa trádála na Breataine, tugadh gach long thrádála, an Leinster agus a comhbháid san áireamh, ar ais go dtí na longchlóis agus rinneadh roinnt athruithe orthu. Péinteáladh na longa i nduaithníocht, rud a chuir cuma loinge cogaidh orthu. Rud eile a chuir cuma loinge cogaidh orthu ná gur cuireadh gunna 12 phunt (i.e. 3 orlach) in airde ar ardán ag deireadh gach árthaigh, díreach taobh thiar de dheic na mbád. Cuireadh baill den Chabhlach Ríoga ar gach long, mar ghunnadóirí le haghaidh an ghunna 12 phunt. Cuireadh na gunnaí in airde ag am a ndéanadh fomhuireáin ionsaithe dromchla. D’fhág na gunnaí nach raibh an dara rogha ag fomhuireáin na Gearmáine ach a gcuid oibre a dhéanamh ó faoi bhun dhromchla na farraige. D’fhág sé sin nach raibh aon mhaith sna gunnaí chun críocha cosanta, rud a bhí íorónta. Bhí dhá ghunna comharthaíochta ag an Leinster freisin.

Píosa ar thubaiste an RMS Leinster a gearradh amach as nuachtán. Le caoinchead ó Philip Lecane.

Maidin an 10 Deireadh Fómhair 1918, bhí 694 phaisinéir agus 77 criú ar bord faoin gCaptaen William Birch. Saighdiúirí agus altraí a bhí i bhformhór na bpaisinéirí a bhí ar bord an lá sin. Bhuail toirpéid ón U-bhád Gearmánach UB-123 an long faoi dhó agus fuair os cionn 500 duine bás. Ba é sin an líon daoine ba mhó riamh a fuair bás ar Mhuir Éireann. B’oibrithe poist duine is fiche díobh siúd a fuair bás; bhí siad san oifig sórtála ar an long. Sa bhliain 2008, 90 bliain tar éis don long dul go tóin poill, d’eisigh An Post stampa chun iad a chomóradh. Chomh maith leis sin, comóirtear na hoibrithe poist le plaiceanna cuimhneacháin i músaem Ard-Oifig an Phoist agus in oifig an phoist i nDún Laoghaire. Ar an tslí ar ais go dtí an Ghearmáin, cailleadh fomhuireán UB-123 i log mianach sa Mhuir Thuaidh agus fuair gach duine de na 36 dhuine a bhí ar bord bás. 145 de na saighdiúirí a fuair bás nuair a chuaigh an RMS Leinster go tóin poill, is i nGráinseach Ghormáin atá siad curtha. Mar sin tá i bhfad níos mó de na daoine a fuair bás ar an RMS Leinster curtha i nGráinseach Ghormán ná mar atá i reilig ar bith eile.

Gabhaimid buíochas le Philip Lecane, údar Torpedoed! The RMS Leinster Disaster (2005).


Ar Oscailt Fós le haghaidh Gnó

Is féidir daoine a chur i nGráinseach Ghormáin fós, ach faoi chritéir dhiana. Is féidir iarratas a dhéanamh le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí ar bheith curtha in uaigh nua i gcás duine a thug seirbhís in Arm na Breataine roimh an 1 Aibreán 1923, nó in uaigh atá ann cheana féin i gcás duine a bhfuil gaol gairid aige/aici leis an saighdiúir atá curtha san uaigh.

Teacht ar Uaigh

Má bhíonn tú ag iarraidh teacht ar uaigh duine ar leith, tá roinnt foinsí ann is féidir cabhrú leat. Is treoir den scoth é Memorial Inscriptions of Grangegorman Military Cemetery (Cumann Geinealais na hÉireann, 2006). Tá liosta neamhiomlán de dhaoine atá curtha anseo ar fáil ar líne ag internment.net. Tá bunachar sonraí inchuardaithe ag Coimisiún Uaigheanna Cogaidh an Chomhlathais freisin.

Leabharliosta

  • Memorial Inscriptions of Grangegorman Military Cemetery (Cumann Geinealais na hÉireann, 2006)
  • Burnell, Tom. Irishmen in the Great War: Reports from the Front 1914 (2014)
  • Igoe, Vivien. Dublin Burial Grounds and Graveyards (2001)
  • Lecane, Philip. Torpedoed! The RMS Leinster Disaster (2005)
  • Stokes, Roy. Death in the Irish Sea: The Sinking of RMS Leinster (1998)

 

Naisc

Plean le haghaidh Reilig Mhíleata Ghráinseach Ghormáin, mar a foilsíodh in ‘Memorial Inscriptions of Grangegorman Military Cemetery’ (2006) le Cumann Geinealais na hÉireann, agus atáirgthe lena gcead.

Teach an Gheata

Cuid K: Nua-Aimseartha

Leaca uaighe ó bhlianta is déanaí ná 1950 is mó atá sa chuid seo.

Cuid M: Cuimhneachán Balla

Tugann sé seo onóir dóibh siúd a fuair bás sa dá Chogadh Domhanda ach atá curtha in áit eile in Éirinn.

Cuid N: Cuimhneacháin Chorcaí

Tugann na painéil seo onóir dóibh siúd a fuair bás sa dá Chogadh Domhanda agus atá curtha i Reilig Mhíleata Chorcaí.

Cuid D: An Chéad Chogadh Domhanda agus an tÉirí Amach: CUCC

Sa chuid seo tá cúig líne de chlocha cinn CUCC (Coimisiún Uaigheanna Cogaidh an Chomhlathais). Iad siúd a fuair bás sa Chéad Chogadh Domhanda agus in Éirí Amach na Cásca atá i gceist.

Cuid C: Eaglais na hÉireann/Shasana agus an Triúr gan Aithint

Daoine as Eaglais na hÉireann agus as Eaglais Shasana a fuair bás sa Chéad Chogadh Domhanda, i gcur go tóin poill an RMS Leinster agus i gCogadh na Saoirse. Díol spéise ar leith is ea an t-aon duine gan aithint amháin i nGráinseach Ghormáin a fuair bás sa Dara Cogadh Domhanda, saighdiúir de chuid an RAF, agus beirt gan aithint a fuair bás sa Chéad Chogadh Domhanda, a bhfuair duine acu bás i gcur go tóin poill an RMS Leinster.

Cuid H: Uaigheanna Aonair

Cuid bheag ina bhfuil leaca uaighe aonair a bhfuil neart spáis eatarthu.

Cuid G: Uaigheanna Caitliceacha Rómhánacha CUCC

Caitlicigh Rómhánacha a fuair bás sa Chéad Chogadh Domhanda is mó atá curtha sa chuid seo. Uaigheanna aonfhoirmeacha CUCC (Coimisiún Uaigheanna Cogaidh an Chomhlathais) atá inti.

Cuid F: Preispitéireach & Nua-aimseartha

Ina measc siúd atá curtha anseo tá na daoine a fuair bás ar an RMS Leinster, na daoine a gortaíodh sa Chéad Chogadh Domhanda agus a fuair bás de dheasca a gcréachtaí níos déanaí agus iad ag teacht chucu féin in Éirinn, daoine a fuair bás i gcaitheamh Sheachtain na Cásca 1916, agus daoine a fuair bás sa Dara Cogadh Domhanda. Uaigheanna Preispitéireacha den chuid is mó atá anseo, agus is leaca uaighe aonair iad seachas cinn aonfhoirmeacha. Is beag leac uaighe nua-aimseartha atá sa chuid seo. Díol spéise mar sin is ea leac uaighe Annie Whelan ón mbliain 1974.

Cuid E: Uaigheanna Astrálacha, Nua-Shéalannacha agus Ceanadacha

Ina measc siúd atá curtha anseo tá na daoine a fuair bás ar an RMS Leinster, na daoine a gortaíodh sa Chéad Chogadh Domhanda agus a fuair bás de dheasca a gcréachtaí níos déanaí agus iad ag teacht chucu féin in Éirinn, agus daoine a fuair bás i gcaitheamh Sheachtain na Cásca 1916. Tá saighdiúirí as an Astráil, as an Nua-Shéalainn agus as Ceanada curtha anseo freisin.

Cuid B: Oifigigh de chuid Eaglais na hÉireann/Shasana & May Westwell

Oifigigh de chuid Eaglais na hÉireann agus Eaglais Shasana. Ina measc tá siad siúd a fuair bás sa Chéad Chogadh Domhanda, in Éirí Amach na Cásca, i gCogadh na Saoirse, agus i gcur go tóin poill an RMS Leinster. Díol spéise ar leith sa chuid seo is ea leac uaighe na haon mhná míleata amháin a fuair bás nuair a cuireadh an RMS Leinster go tóin poill – an Leas-Riarthóir May Westwell ó Chór Cúnta Arm na Banríona Máire.

Cuid A: an Chuid is Sine

Is sa chuid seo atá na clocha cinn is sine, ón naoú haois déag.

Cuid J: An Dara Cogadh Domhanda & Cros Victoria

Uaigheanna ón Dara Cogadh Domhanda, chomh maith le cloch chinn Martin Doyle, an t-aon duine amháin i nGráinseach Ghormáin ar bronnadh Cros Victoria air.