Oifig na nOibreacha Poiblí
Reilig Mhíleata Ghráinseach Ghormáin
Bunaíodh Reilig Mhíleata Ghráinseach Ghormáin sa bhliain 1876 mar reilig le haghaidh saighdiúirí (agus a dteaghlach) ó Dhún Marlborough mar a bhí. Dún Mhic Aoidh an t-ainm atá anois air. Is í an reilig mhíleata is mó in Éirinn í.
Is inti atá coirp saighdiúirí ó gach cuid d’Impireacht na Breataine a fuair bás nádúrtha nó a fuair bás de bharr a ngortuithe nó a fuair bás i mbun troda in Éirinn. Tá coirp roinnt saighdiúirí a throid i gCogadh na Crimé inti.
‘Geata na Sochraidí’ a thugtar ar an bpríomhgheata; tá trí chros bheaga ar a bharr a léiríonn gur geata reilige é seo. Níor osclaíodh na geataí seo le roinnt blianta (rinneadh eisceacht le haghaidh chuairt an Phápa Eoin Pól II sa bhliain 1979). Tá geataí do choisithe ann a bhíonn ar oscailt.
Agus tú ag teacht isteach, gar don bhalla teorann, ar thaobh na láimhe deise, feicfidh tú línte d’uaigheanna páistí ó chreidimh éagsúla, lena n-áirítear Eaglais na hÉireann, Eaglais Shasana, Caitliceach Rómhánach, Meitidistigh Veislíocha, agus páistí ón Scoil Mhíleata Ibeirneach Ríoga i bPáirc an Fhionnuisce.
Íoslódáil
Plean Bainistíochta Caomhnaithe Reilig Mhíleata Ghráinseach Ghormáin 2015-2020
Pleanáil Cuairt
Uaireanta oscailte agus suíomh.
Foghlaim Tuilleadh
Stair an reilig.
Gailearaí
Íomhánna stairiúla agus nua-aimseartha.
Teagmháil
Le do chuid ceisteanna nó moltaí.