Pleanáil Cuairt

Uaireanta Oscailte

Bíonn an Gairdín Cuimhneacháin ar oscailt an bhliain ar fad, seacht lá na seachtaine.

Aibreán – Meán Fómhair: 8.30am – 6pm
Deireadh Fómhair – Márta: 9.30am – 4pm
Lá Nollag: 11am – 1pm

Suíomh

Tá an gairdín i gCearnóg Parnell, i lár Chathair Bhaile Átha Cliath.

Taisteal

Freastalaíonn an chuid is mó de na busanna ar lár na cathrach, agus stopann siad gar do Chearnóg Parnell. Gheobhaidh tú sceidil atá cothrom le dáta ar shuíomh gréasáin Bhus Átha Cliath. Téann líne dhearg na dtramanna Luas tríd an gceantar freisin; tuirling ag an stad ‘Jervis’ nó ‘Sráid na Mainistreach’.

Garden of Remembrance

Tarraing an fhíor bhuí go dtí an pionna dearg chun féachaint ar an suíomh ag leibhéal radhairc sráide.

Turais

Níl aon turas treoraithe ar fáil ag an suíomh seo. Má theastaíonn rochtain speisialta uait, téigh i dteagmháil linn, le do thoil.

Cuairt

30 nóiméad an meánfhad a mhaireann cuairt ar an nGairdín Cuimhneacháin.

Cead Isteach

Tá saorchead isteach sa ghairdín.

Grianghraif

Tá cead agat grianghraif a thógáil agus físeáin a dhéanamh; téigh i dteagmháil linn chun cead a fháil grianghrafadóireacht tráchtála a dhéanamh.

Íoslódáil

Cód Iompair d’Úinéirí Madra

Sa Cheantar Freisin

Músaem Scríbhneoirí Bhaile Átha Cliath

Fad slí: 20m.

Déantar ceiliúradh ar oidhreacht litríochta Bhaile Átha Cliath.

Gailearaí Hugh Lane Chathair Bhaile Átha Cliath

Fad slí: 15m.

Gailearaí poiblí d’ealaín nua-aimseartha agus chomhaimseartha.

Músaem An Post

Fad slí: 650m.

Féach go háirithe an taispeántas “Letters, Lives & Liberty”.

Mainistir Mhuire

Fad slí: 1.2km.

Tá an teach caibidle seo, atá faoi thalamh anois, ar cheann de na rúin is fearr i mBaile Átha Cliath.