Foghlaim Tuilleadh


A Bhunús mar Ghairdíní Pléisiúir

Is ar shuíomh stairiúil a tógadh an Gairdín Cuimhneacháin. San ochtú haois déag, bhí gairdíní pléisiúir ann ar chuspóir dóibh airgead a bhailiú le haghaidh an ospidéil máithreachais i dtosach Chearnóg Rutland (Cearnóg Parnell anois). Sa naoú haois déag dhéanach, bhí foirgneamh mór sealadach sna gairdíní seo agus é in úsáid mar halla, agus Rotunda Rink an t-ainm a bhí air.

Is ag Rotunda Rink sa bhliain 1913 a bunaíodh Óglaigh na hÉireann, ag cruinniú ar fhreastail thart ar 7,000 duine air, de réir tuairiscí. In 1916, is sna gairdíní Rotunda a coinníodh a lán de cheannairí Éirí Amach na Cásca, sular tugadh go Príosún Chill Mhaighneann iad lena gcur chun báis. Ceannaíodh an suíomh le haghaidh an Ghairdín Cuimhneacháin ón ospidéal sa bhliain 1939, agus fógraíodh comórtas le haghaidh a dheartha an bhliain dár gcionn.

Séadchomhartha lena ndéantar ceiliúradh ar bhunú Óglaigh na hÉireann ag Rotunda Rink. OOP.
Na Gairdíní Pléisiúir taobh thiar den Ospidéal Lying-In (Ospidéal an Rotunda anois), bhí siad ar an suíomh ar a bhfuil an Gairdín Cuimhneacháin anois. Leabharlann agus Cartlann Chathair Bhaile Átha Cliath.
Part of the Lawrence Collection, Robert French probably took this image of the back of the Rotunda (now occupied by the Garden of Remembrance) around 1900. National Library of Ireland.

“…nach ndéanann iarracht brú a chur ar mo chomhthírigh smaointe iontacha agus mothúcháin uaisle a bheith acu, ach a bhfuil a theachtaireacht intuigthe, leid seachas béic.”

– Oisín Kelly maidir lena dhealbh sa bhliain 1971.

Dearadh an Ghairdín

Ba é an t-ailtire Daithí Hanly (1917-2003) a bhí freagrach as dearadh an Ghairdín. Tá linn mhór a bhfuil cruth croise air i lár an phlean, agus is patrún mósáice tílithe é a bonn. Taispeántar sna tíleanna pictiúr de chlaimhte, sciatha agus sleánna agus iad caite faoi bhun tonnta; léiríonn sé sin nós na gCeilteach airm a theilgean isteach san uisce nuair a bhí cath críochnaithe. Tá rudaí tábhachtacha ó réamhstair na hÉireann agus ó stair na hÉireann sna meánaoiseanna ina ndlúthchuid de struchtúr an Ghairdín in áiteanna eile; sna ráillí tá cruthanna chruit Choláiste na Tríonóide (cruit Bhriain Bóramha), thrumpa Loch na Séad agus chlaíomh Bhaile an Doire.

Leis an nGairdín Cuimhneacháin cuimhnítear ar:

  • éirí amach 1798 Chumann na nÉireannach Aontaithe
  • éirí amach 1803 Roibeaird Emmet
  • éirí amach 1848 Éire Óg
  • éirí amach 1867 Bhráithreachas na bhFíníní
  • Éirí Amach na Cásca 1916
  • Cogadh Saoirse na hÉireann 1919-21

Ar chothrom caoga bliain Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1966, d’oscail an tUachtarán Éamon de Valera an Gairdín don phobal. Bhí de Valera féin ina cheannasaí san Éirí Amach. Cruthaíodh slí isteach nua ar an taobh thuaidh sa bhliain 2007.

Leabharliosta

  • Bateson, Ray. Memorials of the Easter Rising (2013)
  • Bourke, Angela (ed.). The Field Day Anthology of Irish Writing vol. 4: Irish Women’s Writing and Traditions (contains a translation of the fifteenth-century Oidheadh Chlainne Lir)
  • Poirtéir, Cathal (ed.). The Great Irish Rebellion of 1798 (1998)
  • Ryan, Annie. Witnesses: Inside the Easter Rising (2005)
  • Elliott, Marianne. Robert Emmet: The Making of a Legend (2003)
  • Comerford, R.V.  The Fenians in Context (1985)

Naisc

Oisín Kelly (1971). © RTÉ Stills Library.
Cuimhneachán ar Sheachtain na Cásca 1916. Siobhán Farrelly a thóg an grianghraf. Le caoinchead ó Leabharlanna Poiblí Chathair Bhaile Átha Cliath (Pictiúr ó Bhailiúchán Chearnóg Parnell).

Inscríbhinn Filíochta

Greanta ar an mballa seo tá an dán ‘Rinneadh Aisling Dúinn’ le Liam Mac Uistin, i nGaeilge agus i mBéarla.

Dealbh Chlann Lir

Is é Oisín Kelly a dhear an dealbh seo. Cuireadh anseo í sa bhliain 1971.

Gné Uisce Chroschruthach

Faoi bhun an uisce tá mósáic tíleanna a léiríonn tonnta agus airm bhriste.

Léiríonn na ráillí gorma nithe ó sheandálaíocht agus ó stair na hÉireann, e.g. trumpa Loch na Séad agus cruit Choláiste na Tríonóide (cruit Bhriain Bóramha).