Oifig na nOibreacha Poiblí

Reilig Chnoc an Arbhair

Ceithre dhuine dhéag de cheannairí Éirí Amach 1916, is sa reilig mhíleata ag Cnoc an Arbhair atá siad curtha. Ina measc siúd atá curtha ann tá Pádraig Mac Piarais, Séamas Ó Conghaile agus an Maor Seán Mac Giolla Bhríde. Cuireadh na ceannairí chun báis i gCill Mhaighneann agus tugadh na coirp go Cnoc an Arbhair ansin, áit ar cuireadh iad.

Tá na huaigheanna suite thíos faoi charn íseal ar léibheann d’eibhear Chill Mhantáin san áit a raibh clós an tseanphríosúin tráth. Tá balla aolchloiche timpeall ar shuíomh na n-uaigheanna agus tá a gcuid ainmneacha scríofa ar an mballa sin i nGaeilge agus i mBéarla. Ar an mballa príosúin os comhair shuíomh na n-uaigheanna tá leac ar a bhfuil ainmneacha na ndaoine eile a fuair bás in 1916.

Is í an Roinn Cosanta a thugann aire d’Eaglais an Chroí Rónaofa atá béal dorais, séipéal Phríosún Chnoc an Arbhair. Ar chúl an tséipéil tá an tseanreilig, áit a bhfuil saighdiúirí de chuid na Breataine, a fuair bás i limistéar Bhaile Átha Cliath sa naoú haois déag agus san fhichiú haois luath, curtha. Ach dul isteach an doras in aice le cuimhneachán 1916, beidh tú i dteach agus i ngairdín cuimhneacháin Chumann na hÉireann d’Iarshaighdiúirí na Náisiún Aontaithe. Bíonn Searmanas Bliantúil Cuimhneacháin 1916 ar siúl ag Cnoc an Arbhair gach Bealtaine, arna óstáil ag an Aire Cosanta. Eagraíonn páirtithe polaitíochta Éireannacha searmanais chuimhneacháin ag an reilig freisin.

Pleanáil Cuairt

Uaireanta oscailte agus suíomh.

Foghlaim Tuilleadh

Stair an reilig.

Gailearaí

Íomhánna stairiúla agus nua-aimseartha.

Teagmháil

Le do chuid ceisteanna nó moltaí.